Teimpléad le haghaidh aighneachtaí
- I ndiaidh an phróisis chomhairliúcháin, tá sé ar intinn ag an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta sonraí tiomsaithe a fhoilsiú ar an suíomh gréasáin seo a bheidh bunaithe ar na freagraí a gheofar sa teimpléad. Ní fhoilseofar freagraí aonair a chuirfear ar fáil sa teimpléad ar an suíomh gréasáin ach amháin i gcás go dtabharfaidh an freagróir cead don Roinn é sin a dhéanamh.
- Coinneoidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta na sonraí uile a gheofar le linn an phróisis chomhairliúcháin phoiblí seo i gcomhréir leis na hAchtanna um Chosaint Sonraí 1988 agus 2003.
- Féadfaidh an Roinn Ealaíon, Oidhreachta agus Gaeltachta faisnéis ar fhreagraí sa teimpléad a chur ar fáil d'aon duine a dhéanfaidh iarratas faoi na hAchtanna um Shaoráil Faisnéise 1997 agus 2003. Déanfaidh an Roinn teagmháil le freagróirí a thabharfaidh freagra sa teimpléad sula scaoilfear faisnéis ar bith.
Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 - Teimpléad le haghaidh aighneachtaí (HTML)
Athbhreithniú ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 - Teimpléad le haghaidh aighneachtaí (PDF) (46 kb)